Tionólfar Ómós do Sheán ‘Ac Dhonncha, sár-amhránaí ar an sean nós in Áth Eascrach 1ú agus 2ú Deireadh Fómhair 2011.
Rugadh Seán ‘Ac Dhonncha, Johnny Joe Pheaitsín, in Aird Thiar, i gCarna i gConamara ar an 2ú Deireach Fomhair 1919. Ba iascaire a athair a bhí tugtha go mór ag an gceol agus ag an amhránaíocht. Dob uaidh siúd agus óna mháthair a thóg Seán grá na h-amhránaíochta leis. Rugadh Joe Éiniú coicíos i ndhiaidh Séan agus bhíadar sa rang céanna ar scoil.
Chuaigh Seán ag múineadh i dtosach báire i Longphort sular aistrigh sé go dtí an Chabháin. Bhuaidh sé Craobh shinsir peile sa gCabháin ag imirt le Muileach Oráin 1949. Casadh múinteor óg, dathúil, cumasach air ó Gort an Iomaire, in oirthear na Gaillimhe arbh ainm di Bríd Ní Eidhn. Bhuaileadar suas caireadas agus phósadar 1956. 
D’aistrigh siad go Ath Eascrach 1959 áit ar cheapadh é mar príomh-oide agus í siúd mar mháistreas scoile ag tús na seascadaí. Ba in Áth Eascrach a chaith siad an saol ina dhiaidh sin. Ba trí Ghaeilge ar fad a deineadh an múineadh agus gnóthaí na scoile agus sheasadar an fód dó sin nuair a bhí gá leis. D’éirigh sé as an bpost i 1984.
Lean Seán i gcónaí leis an amhránaíocht agus bhain sé an bonn óir amach ag an Oireachtas i 1953. Dob é Seán an chéad amhránaí ag Gael Linn nuair a thógadar amach céirníní 78rpm i 1957. Dhein sé 6 teafadh eile leo agus tá siad anois ar fáil sa chnuasach Seoltaí Séide.
Fuair si bas ar an 14ú Nollag 1996 agus tá sé curtha in Áth Eascrach.












